Sé mo laoch mo Ghile Mear
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear
Bímse buan ar buairt gach ló
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeor
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón
Sé mo laoch mo Ghile Mear
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear
Seinntear stair ar chlairsigh cheoil
'S líontair táinte cárt ar bord
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó
Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan
Sé mo laoch mo Ghile Mear
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear